Gach Eolas

EOLAS FAOI THICÉID

Tá dhá chineál ticéad á thairiscint ag Féile SULT:
· Ticéad Lae (bailí don Aoine 8 Iúil nó don Satharn 9 Iúil) - €50
· Ticéad Deireadh Seachtaine (bailí don Aoine 8 Iúil agus don Satharn 9 Iúil) - €85

Is gá, tá comhartha aitheantais riachtanach le go dtig leat d'aois a chruthú. Is Féile 15 bliana d’aois agus níos sine í SULT agus glacann muid le pas bailí
ceadúnas tiomána nó aoischárta an Gharda Síochána.

Tá ticéid do SULT Féile ar díol anseo ar ár suíomh Gréasáin.

Gheobhaidh tú achan rogha ticéad atá ar díol anseo

Caithfidh tú a bheith 15 bliain nó níos sine le ticéad a cheannach do SULT Féile.

Tá gach ticéad neamh-in-aisíoctha. Sa chás go gcuirtear siar é, tá achan ticéad bailí do na dátaí úra.

Ní dhéanfar ticéid a aisíoc ach amháin i gcás go gcuirfear an fhéile ar ceal.

Má chuirtear an fhéile ar ceal, aisíocfar ticéid. Má chuirtear an fhéile ar athló, beidh ticéid bailí do na dátaí úra. Má chuirtear an fhéile ar athló, beidh ticéid bailí do
na dátaí úra.

CAMPÁIL

Níl, tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil ticéid champála €20 an duine in aghaidh na hoíche agus ar fáil le ceannach leis féin. Ní mór duit puball s’agat féin a bheith leat. Tá rialacha campála le fáil ar an láithreán gréasáin anseo

Ní thig, tá campáil ar fáil díofa sin atá OS CIONN 18 bliain d’aois AMHÁIN.

Osclófar an láthair Champála ag 3:00i.n. Dé hAoine agus beidh ort Seiceáil Amach roimh 11:00r.n. Dé Domhnaigh, nó má bhíonn tú ag campáil don Aoine amháin, beidh ort Seiceáil Amach roimh 11:00r.n. an lá dár gcionn.

Déan iarracht seiceáil isteach roimh 9:00i.n. le do thoil.

Is féidir leat ceol a sheinm ó challairí nach bhfuil níos ná 300mm x 300mm (1
ft). Ní cheadaítear aon tine chnámh ná beárbaiciú sa láthair champála.

Cé nach gcuireann muid spásanna veaineanna campála ar fáil ag láthair na féile féin, tá roinnt roghanna in aice
láimhe. Thig leat teagmháil a dhéanamh leo go díreach más mian leat spás veain campála a chur in áirithe.
Amharclann Ghaoth Dobhair (20 nóiméad siúil) 083 1867865

Thig Alcól a thabhairt isteach sa láthair champála, ach tá sé teoranta do Cás Beorach amháin (24 Cannaí) nó 1 Lítear
Biotáille. Ní féidir alcól a thabhairt isteach sa láthair champála ach amháin nuair a théann tú isteach ar dtús. Ní mór aon alcól i mbuidéil ghloine
a dhoirteadh isteach i gcoimeádán plaisteach roimh dhul isteach.

Gheobhaidh tú na rialacha campála uilig anseo https://sultfeile.ie/camping agus ní mór cloí go daingean docht leo.

LEIDEANNA ÚSÁIDEACH MAIDIR LE PACÁIL

Is féile dhá lá í – i ndáiríre ní gá duit a bhfuil agat a thabhairt leat!
Cuimhnigh pacáil go héadrom, Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil.
Caide is coir duit tabhairt leat (le cois feith an ghrinn agus éirí croí):
· Ticéid
· Airgead
· Comhartha Aitheantais
· Guthán
· Losainn sceadamán - le go dtig leat leanstan ort ag ceol fiú nuair a bhíonn do ghlór caillte agat.
Má bhíonn tú ag campáil – molann muid fosta:
· Pacáiste Luchtaithe Inaistrithe
· Puball
· Mála codlata
· Babhstar
· Cathaoir Campála
· Plocóidí cluaise
· Tóirse
· Téip
· Pionnaí Campála Breise
· Seaicéad Lomra
· Hata
· Stocaí
· Fo-éadaí
· Éadaí uile-aimsire
· Cóta báistí
· Bróga uiscedhíonach

 

Scroll to Top